12 De bhrí nár fhéad clann Mhanaise greim a fháil ar na cathracha sin, lean na Canánaigh orthu ina gcónaí sa dúiche sin.
13 Nuair a chuaigh clann Iosrael i neart, chuireadar na Canánaigh faoi chuing na daoirse, ach gan iad a dhíbirt ar fad.
14 Labhair teaghlach Iósaef le Iósua á rá: “Cén fáth nár thug tú dom ach aon chuid amháin, aon roinn amháin, mar oidhreacht, agus gur líonmhar iad mo mhuintir mar gur bheannaigh an Tiarna mé go dtí seo?”
15 D'fhreagair Iósua: “Más pobal líonmhar sibh, suas libh chun na foraoise agus déanaigí talamh a ghlanadh i gcríocha na bPirizeach agus na Rafáím mar go bhfuil ardáin Eafráim róchúng daoibh.”
16 D'fhreagair treibh Iósaef: “Ní leor dúinn na hardáin, ach tá carbaid iarainn ag na Canánaigh go léir atá ag cur fúthu sna machairí, acu siúd i mBéit Seán agus sna sráidbhailte máguaird, agus acu siúd i Machaire Izréil.”
17 Dúirt Iósua ansin le teaghlach Iósaef, le hEafráim agus le Manaise: “Pobal mór sibh, agus pobal an-tréan; ní i dtaobh le haon roinn amháin a bheidh sibh;
18 beidh na hardáin in bhur seilbh, agus ní mór daoibh iad a ghlanadh mar tá siad faoi bhrat crann; beidh siad go léir in bhur seilbh ó cheann ceann, ach [ní] féidir daoibh na Canánaigh a dhíbirt de bharr a gcarbad iarainn agus a nirt.”