2 Tugadh don chuid eile de threibh Mhanaise oidhreacht de réir a bhfiní - do chlann Aibíeizir, do chlann Héilic, do chlann Aisríéil, do chlann Sheicim, do chlann Héifir, do chlann Shimídeá; ba shin iad síol chlann mhac Mhanaise mac Iósaef, de réir a bhfiní.
3 Zalofachád mac Héifir, mac Ghileád, mac Mhácaír, mac Mhanaise, ní raibh aon mhac aige ach iníonacha darbh ainm Machlá agus Noá agus Hoglá agus Milceá agus Tirzeá.
4 Thángadar seo go dtí Eileázár an sagart agus go dtí Iósua mac Nún agus na ceannairí. “D'ordaigh an Tiarna do Mhaois,” ar siad, “oidhreacht a thabhairt dúinn i measc ár mbráithre.” Tugadh oidhreacht dóibh dá bhrí sin i measc bráithre a n‑athar de réir mar a d'ordaigh an Tiarna.
5 Ar an tslí sin fuair Manaise deich ranna seachas dúiche Ghileád agus Báiseán lastall den Iordáin,
6 mar go bhfuair iníonacha Mhanaise oidhreacht chomh maith lena mhic. Leis an gcuid eile de chlann mhac Mhanaise dúiche Ghileád.
7 Ar thaobh Áiséar ba é Micmeatát os comhair Sheicim teorainn Mhanaise; ghabh sí ó dheas ansin go Iaisíb ag tobar Thapúach.
8 Le Manaise dúiche Thapúach, ach le clann Eafráim baile Thapúach féin ar an teorainn le Manaise.