5 Ar an tslí sin fuair Manaise deich ranna seachas dúiche Ghileád agus Báiseán lastall den Iordáin,
6 mar go bhfuair iníonacha Mhanaise oidhreacht chomh maith lena mhic. Leis an gcuid eile de chlann mhac Mhanaise dúiche Ghileád.
7 Ar thaobh Áiséar ba é Micmeatát os comhair Sheicim teorainn Mhanaise; ghabh sí ó dheas ansin go Iaisíb ag tobar Thapúach.
8 Le Manaise dúiche Thapúach, ach le clann Eafráim baile Thapúach féin ar an teorainn le Manaise.
9 Ghabh an teorainn síos ansin go sileán Cháná (ba le treibh Eafráim na bailte laisteas den sileán seachas iad siúd a bhí acu i measc bailte Mhanaise; lastuaidh den sileán a bhí críocha Mhanaise) agus shroich ceann scríbe ag an bhfarraige.
10 Ó dheas bhí Eafráim; ó thuaidh bhí Manaise, agus an fharraige mar theorainn acu araon; shíneadar chomh fada le hÁiséar thuaidh agus Íosácár thoir.
11 In Íosácár agus in Áiséar bhí ag Manaise: Béit Seán agus a shráidbhailte máguaird; Ibleám agus a shráidbhailte, lucht Dhór agus a shráidbhailte, lucht Éan Dór agus a shráidbhailte, lucht Thánác agus a shráidbhailte, lucht Mhigideo agus a shráidbhailte, agus trian Neifit.