9 Ghabh an teorainn síos ansin go sileán Cháná (ba le treibh Eafráim na bailte laisteas den sileán seachas iad siúd a bhí acu i measc bailte Mhanaise; lastuaidh den sileán a bhí críocha Mhanaise) agus shroich ceann scríbe ag an bhfarraige.
10 Ó dheas bhí Eafráim; ó thuaidh bhí Manaise, agus an fharraige mar theorainn acu araon; shíneadar chomh fada le hÁiséar thuaidh agus Íosácár thoir.
11 In Íosácár agus in Áiséar bhí ag Manaise: Béit Seán agus a shráidbhailte máguaird; Ibleám agus a shráidbhailte, lucht Dhór agus a shráidbhailte, lucht Éan Dór agus a shráidbhailte, lucht Thánác agus a shráidbhailte, lucht Mhigideo agus a shráidbhailte, agus trian Neifit.
12 De bhrí nár fhéad clann Mhanaise greim a fháil ar na cathracha sin, lean na Canánaigh orthu ina gcónaí sa dúiche sin.
13 Nuair a chuaigh clann Iosrael i neart, chuireadar na Canánaigh faoi chuing na daoirse, ach gan iad a dhíbirt ar fad.
14 Labhair teaghlach Iósaef le Iósua á rá: “Cén fáth nár thug tú dom ach aon chuid amháin, aon roinn amháin, mar oidhreacht, agus gur líonmhar iad mo mhuintir mar gur bheannaigh an Tiarna mé go dtí seo?”
15 D'fhreagair Iósua: “Más pobal líonmhar sibh, suas libh chun na foraoise agus déanaigí talamh a ghlanadh i gcríocha na bPirizeach agus na Rafáím mar go bhfuil ardáin Eafráim róchúng daoibh.”