1 Ar Shimeon a thit an dara crann, ar threibh chlann Shimeon de réir a bhfiní; bhí a n‑oidhreacht i lár oidhreacht threibh Iúdá.
2 Fuaireadar mar chuid ronna: Béar Seaba, Seaba, Móládá,
3 Hazar Siúál, Bálá, Eizim,
4 Eilteólad, Batúl, Hormá,
5 Zicleag, Béit Marcábot, Hazar Súsá,
6 Béit Labáót, Seárúchan - trí cathracha déag lena sráidbhailte.
7 Aín, Rimeon, Eitir, Aiseán - ceithre cathracha lena sráidbhailte.