10 Thit an tríú crann ar threibh Zabúlun de réir a bhfiní. Shín a dtailte oidhreachta chomh fada le Sáraíd.
11 Ghabh a dteorainn siar in airde go Maral, cneas le Daibisit ar dtús agus ansin leis an gcom sall ó Iocnán;
12 Ghabh an teorainn soir i dtreo éirí gréine ó Sháraíd go teorainn Chioslot Tábor, ansin i dtreo Dhobrat agus ansin suas go Iáifia.
13 Ghabh sí ar aghaidh soir ansin i dtreo éirí gréine go Gát Héifir agus go hÍt Cázaín; bhain sí amach Rimeon, agus chas i dtreo Néá.
14 Ag gabháil ó thuaidh ansin di chas sí i dtreo Hanaton agus stad ag machaire Ifteachael.
15 Mar aon leis sin bhí Catá, Nahalál, Simreon, Idealá agus Beithil - dhá chathair déag lena sráidbhailte.
16 Sin í oidhreacht chlann Zabúlun, de réir a bhfiní - na cathracha sin agus a sráidbhailte.