21 Reimit, Éan Gainím, Éan Hadá, Béit Pazaz.
22 Ghabh a dteorainn cneas le Tábór agus Seachazaímeá agus Béit Seimis, agus stad ag an Iordáin - sé cathracha déag lena sráidbhailte.
23 Sin í oidhreacht chlann Íosácár de réir a bhfiní - na cathracha lena sráidbhailte.
24 Thit an cúigiú crann ar threibh chlann Áiséar de réir a bhfiní.
25 Ina bhfearann bhí Healcat, Haili, Beitin, Aicseáf,
26 Alam Meilic, Amád, Miseál; ar an taobh thiar shroich sé Cairmeil agus srutháin Libneát.
27 Ar an taobh eile ghabh sé soir go Béit Dágón, shín chomh fada le Zabúlun agus Gleann Ifteachael, ó thuaidh go Béit Éimic agus Níéil; as sin ar aghaidh go Cábúl. Ar an taobh thuaidh