24 Thit an cúigiú crann ar threibh chlann Áiséar de réir a bhfiní.
25 Ina bhfearann bhí Healcat, Haili, Beitin, Aicseáf,
26 Alam Meilic, Amád, Miseál; ar an taobh thiar shroich sé Cairmeil agus srutháin Libneát.
27 Ar an taobh eile ghabh sé soir go Béit Dágón, shín chomh fada le Zabúlun agus Gleann Ifteachael, ó thuaidh go Béit Éimic agus Níéil; as sin ar aghaidh go Cábúl. Ar an taobh thuaidh
28 bhain Eibreon, Rachob, Hamón, Cáná agus as sin go Síodón Mhór leis.
29 Ghabh an teorainn ansin i dtreo Rámá, agus shroich daingean na Tuíre agus Hósá agus stad ag an bhfarraige. Machalab, Aiczíb,
30 Umá, Afaec, Rachob - dhá chathair fichead lena sráidbhailte.