27 Ar an taobh eile ghabh sé soir go Béit Dágón, shín chomh fada le Zabúlun agus Gleann Ifteachael, ó thuaidh go Béit Éimic agus Níéil; as sin ar aghaidh go Cábúl. Ar an taobh thuaidh
28 bhain Eibreon, Rachob, Hamón, Cáná agus as sin go Síodón Mhór leis.
29 Ghabh an teorainn ansin i dtreo Rámá, agus shroich daingean na Tuíre agus Hósá agus stad ag an bhfarraige. Machalab, Aiczíb,
30 Umá, Afaec, Rachob - dhá chathair fichead lena sráidbhailte.
31 Sin í oidhreacht threibh chlann Áiséar de réir a bhfiní - na cathracha sin lena sráidbhailte.
32 Thit an séú crann ar chlann Naftáilí, ar chlann Naftáilí de réir a bhfiní.
33 Shín a gcríocha ó Heilif agus ó Dhair Zanainím go hAdámaí Neicib, go Iabnael, agus ar aghaidh go Lacúm, agus stad siad ag an Iordáin.