2 Tugadh scéala go rí Ireachó: “Féach, tá fir tagtha anseo anocht ó Iosrael chun an tír a bhrath.”
3 Ansin chuir rí Ireachó scéal go Rácháb á rá: “Tabhair amach na fir a tháinig chugat, agus a chuaigh i do theach isteach, mar is chun an tír go léir a bhrath a thángadar.”
4 Ach bhí an bheirt glactha chuici ag an mbean agus ceilte aici; dúirt sí dá bhrí sin: “Sea, tháinig fir chugam go deimhin, ach níorbh eol dom cárbh as dóibh
5 agus nuair a bhí an geata le dúnadh le titim na hoíche, d'imíodar leo amach. Ní fheadar cár ghabh na fir; téigí sa tóir orthu go tapa mar béarfaidh sibh orthu.”
6 Ach thug sí suas ar dhíon an tí iad agus chuir i bhfolach iad faoi ghasa lín a bhí leagtha ina sraitheanna aici ar an díon.
7 Chuaigh na fir sa tóir orthu ar feadh na slí chun na Iordáine chomh fada leis na háthanna. A luaithe a d'imigh an tóir amach, dúnadh an geata.
8 Sula ndeachaigh an dream eile a luí, tháinig sí aníos ar an díon chucu