1 Ansin tháinig ceannairí finí na Léivíteach go hEileázár sagart agus go Iósua mac Nún, agus go ceannairí finí threibheanna Iosrael -
2 Bhíodarsan ag Sileo i dtír Chanán. Dúirt siad leo: “D'ordaigh an Tiarna trí Mhaois cathracha a thabhairt dúinn le cónaí iontu, agus an talamh timpeall orthu mar fhéarach dár n‑eallach.”
3 Dá réir sin de bharr ordú an Tiarna, thug clann Iosrael na cathracha seo inár ndiaidh agus an talamh féaraigh a ghabh leo do na Léivítigh as a n‑oidhreacht.
4 Caitheadh cranna ar son chuid finí na gCohátach. Thit trí chathair déag de chuid treibheanna Iúdá, Shimeon, agus Bhiniáimin leis na Léivítigh a chin ó chlann Árón an sagart.
5 An chuid eile de chlann Chohát, fuair siad ar cranna, fine ar fhine, deich gcathair ó threibheanna Eafráim, Dhán agus leath-threibh Mhanaise.
6 Fuair clann Ghéirseon ar cranna, fine ar fhine, trí chathair déag ó threibheanna Íosácár, Áiséar, Naftáilí agus an leath de threibh Mhanaise a chuir faoi i mBáiseán.