10 sliocht Árón a fuair iad seo, fine de chuid na gCohátach a bhain le treibh Léiví mar gur orthu a thit an chéad chrann.
11 Thugadar dóibh Ciriat Arba (Arba athair Anac), Heabrón is é sin, in ardáin Iúdá, agus an talamh féaraigh ina thimpeall.
12 Ach thugadar garraithe agus sráidbhailte na cathrach seo ina sheilbh do Chálaeb mac Iafuna.
13 Thugadar do chlann Árón, an sagart, Heabrón, cathair thearmainn do mharfóirí, agus an talamh féaraigh ina thimpeall; thugadar freisin Libneá lena thalamh féaraigh,
14 agus Iaitír lena thalamh féaraigh, Eistimeo lena thalamh féaraigh,
15 Holon lena thalamh fearaigh, Deibír lena thalamh féaraigh,
16 Aín lena thalamh féaraigh, Iutá lena thalamh féaraigh, Béit Seimis lena thalamh féaraigh - naoi gcathracha de chuid an dá threibh sin.