12 Ach thugadar garraithe agus sráidbhailte na cathrach seo ina sheilbh do Chálaeb mac Iafuna.
13 Thugadar do chlann Árón, an sagart, Heabrón, cathair thearmainn do mharfóirí, agus an talamh féaraigh ina thimpeall; thugadar freisin Libneá lena thalamh féaraigh,
14 agus Iaitír lena thalamh féaraigh, Eistimeo lena thalamh féaraigh,
15 Holon lena thalamh fearaigh, Deibír lena thalamh féaraigh,
16 Aín lena thalamh féaraigh, Iutá lena thalamh féaraigh, Béit Seimis lena thalamh féaraigh - naoi gcathracha de chuid an dá threibh sin.
17 Ansin de threibh Bhiniáimin, Gibeón lena thalamh féaraigh, Geaba lena thalamh féaraigh,
18 Anatót lena thalamh féaraigh, Almón lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha.