20 Maidir le finí chlann Chohát, na Léivítigh eile de chlann Chohát, thit cathracha leo do threibh Eafráim.
21 Tugadh dóibh Seicim, an chathair thearmainn don mharfóir, lena thalamh féaraigh in ardáin Eafráim, agus Geizir lena thalamh féaraigh,
22 agus Ciobzaím lena thalamh féaraigh, Béit Horon lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha;
23 de threibh Dhán, Eilticé, lena thalamh féaraigh, Gibiteon lena thalamh féaraigh,
24 Aiálón lena thalamh féaraigh, Gat Rimeon lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha.
25 De leath-threibh Mhanaise, Tánác lena thalamh féaraigh, agus Ibleám lena thalamh féaraigh - dhá chathair.
26 Ba é an líon cathracha ar fad a bhí ag an chuid eile d'fhiní chlann Chohát, deich gcathracha ar fad lena dtalamh féaraigh.