21 Tugadh dóibh Seicim, an chathair thearmainn don mharfóir, lena thalamh féaraigh in ardáin Eafráim, agus Geizir lena thalamh féaraigh,
22 agus Ciobzaím lena thalamh féaraigh, Béit Horon lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha;
23 de threibh Dhán, Eilticé, lena thalamh féaraigh, Gibiteon lena thalamh féaraigh,
24 Aiálón lena thalamh féaraigh, Gat Rimeon lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha.
25 De leath-threibh Mhanaise, Tánác lena thalamh féaraigh, agus Ibleám lena thalamh féaraigh - dhá chathair.
26 Ba é an líon cathracha ar fad a bhí ag an chuid eile d'fhiní chlann Chohát, deich gcathracha ar fad lena dtalamh féaraigh.
27 Tugadh do shliocht Ghéirseon, d'fhiní Léivíteach, de leath-threibh Mhanaise, an chathair thearmainn don mharfóir Golán i mBáiseán, lena thalamh féaraigh, agus Aisteárót lena thalamh féaraigh - dhá chathair.