27 Tugadh do shliocht Ghéirseon, d'fhiní Léivíteach, de leath-threibh Mhanaise, an chathair thearmainn don mharfóir Golán i mBáiseán, lena thalamh féaraigh, agus Aisteárót lena thalamh féaraigh - dhá chathair.
28 De threibh Íosácár Diseon lena thalamh féaraigh, Dábarat lena thalamh féaraigh,
29 Iarmút lena thalamh féaraigh, Éan Gainím lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha.
30 De threibh Áiséar Miseal lena thalamh féaraigh, Abdón lena thalamh féaraigh,
31 Healcat lena thalamh féaraigh, Rachob lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha.
32 De threibh Naftáilí, Ceidis, an chathair thearmainn don mharfóir sa Gailíl, lena thalamh féaraigh, Hamat Dór lena thalamh féaraigh, agus Cartán lena thalamh féaraigh - trí cathracha.
33 Ba é an líon cathracha ar fad a bhí ag na Géirseonaigh, de réir a bhfiní, trí chathair déag lena dtalamh féaraigh.