33 Ba é an líon cathracha ar fad a bhí ag na Géirseonaigh, de réir a bhfiní, trí chathair déag lena dtalamh féaraigh.
34 Tugadh do shliocht Mharáraí, an chuid eile de na Léivítigh, ceithre cathracha lena dtalamh féaraigh, de threibh Zabúlun, Iocnám, lena thalamh féaraigh, Cartá lena thalamh féaraigh,
35 Rimeon lena thalamh féaraigh, Nahalál lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha.
36 De threibh Reúbaen, lastall den Iordáin, Beizir lena thalamh féaraigh, Iaház lena thalamh féaraigh,
37 Cidéamót lena thalamh féaraigh, Maefát lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha.
38 De threibh Ghád, Rámot i nGileád lena thalamh féaraigh, an chathair thearmainn don mharfóir, Machanaím lena thalamh féaraigh,
39 Heisbeon lena thalamh féaraigh, Iazaer lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha ar fad.