36 De threibh Reúbaen, lastall den Iordáin, Beizir lena thalamh féaraigh, Iaház lena thalamh féaraigh,
37 Cidéamót lena thalamh féaraigh, Maefát lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha.
38 De threibh Ghád, Rámot i nGileád lena thalamh féaraigh, an chathair thearmainn don mharfóir, Machanaím lena thalamh féaraigh,
39 Heisbeon lena thalamh féaraigh, Iazaer lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha ar fad.
40 Ba é an líon cathracha a tugadh, fine ar fhine, do shliocht Mharáraí, a raibh fágtha d'fhiní na Léivíteach is é sin, dhá chathair déag.
41 Ba é an líon cathracha i gcríocha chlann Iosrael a bronnadh ar na Léivítigh, ocht gcathair agus daichead lena dtalamh féaraigh.
42 Ghabh a talamh féaraigh máguaird le gach cathair díobhsan; mar sin a bhí ag gach cathair díobh.