6 Fuair clann Ghéirseon ar cranna, fine ar fhine, trí chathair déag ó threibheanna Íosácár, Áiséar, Naftáilí agus an leath de threibh Mhanaise a chuir faoi i mBáiseán.
7 Fuair clann Mharáraí ar cranna, fine ar fhine, dhá chathair déag de threibh Reúbaen, Ghád agus Zabúlun.
8 Thug clann Iosrael na cathracha seo agus an talamh féaraigh a ghabh leo do na Léivítigh faoi mar a d'ordaigh an Tiarna trí bhéal Mhaois.
9 De threibh Iúdá agus de threibh Shimeon thugadar na cathracha seo a luafaimid ó ainm inár ndiaidh;
10 sliocht Árón a fuair iad seo, fine de chuid na gCohátach a bhain le treibh Léiví mar gur orthu a thit an chéad chrann.
11 Thugadar dóibh Ciriat Arba (Arba athair Anac), Heabrón is é sin, in ardáin Iúdá, agus an talamh féaraigh ina thimpeall.
12 Ach thugadar garraithe agus sráidbhailte na cathrach seo ina sheilbh do Chálaeb mac Iafuna.