1 Chuir Iósua fios ar na Reúbaenaigh, ar na Gádaigh agus ar leath-threibh Mhanaise.
2 Dúirt sé leo: “Tá gach ní a d'ordaigh Maois, óglach an Tiarna, daoibh curtha i gcrích agaibh; agus gach aon ordú a thug mise daoibh, thug sibh cluas do mo ghlór maidir leo.
3 Níor thréig sibh bhur mbráithre le linn an fheachtais fhada seo, go dtí an lá seo féin, ach chomhlíon sibh go beacht orduithe an Tiarna, bhur nDia.
4 Tá suaimhneas tugtha ag an Tiarna, bhur nDia, do bhur mbráithre mar a gheall sé dóibh. Filligí dá bhrí sin agus ar ais abhaile libh mar a bhfuil bhur dtailte, na tailte a thug Maois, óglach an Tiarna, mar shealúchas daoibh lastall den Iordáin.
5 Féachaigí chuige le barr cúraim go gcomhlíonfaidh sibh na haitheanta agus an dlí a thug Maois, óglach an Tiarna, daoibh; bíodh grá agaibh don Tiarna, bhur nDia, leanaigí ar a chosáin i gcónaí, comhlíonaigí a aitheanta, bígí dílis dó agus déanaigí seirbhís dó ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán.”
6 Chuir Iósua a bheannacht orthu agus sheol uaidh iad agus d'imíodar leo abhaile.
7 Bhí tailte i mBáiseán tugtha ag Maois do leath-threibh Mhanaise; don leath eile thug Iósua tailte eile i measc a mbráithre ar bhruach thiar na Iordáine. Nuair a bhí Iósua á seoladh abhaile, chuir sé a bheannacht orthu