18 De bhrí gur chas sibh i leataobh ón Tiarna a leanúint inniu, agus ceannairc a dhéanamh inniu in aghaidh an Tiarna, beidh seisean i bhfearg le comhthionól Iosrael go léir amárach.
19 An amhlaidh go bhfuil bhur bhfearann truaillithe? Tagaigí anall, más ea, go fearann an Tiarna mar a bhfuil Both an Tiarna ina seasamh anois, agus faighigí oidhreacht daoibh féin inár measc; ach ná déanaigí ceannairc in aghaidh an Tiarna, agus ná déanaigí lucht ceannairce dínne chomh maith, le haltóir a thógáil daoibh féin seachas altóir an Tiarna ár nDia.
20 Nuair a rinne Ácán mac Zearach feall ar iontaoibh maidir leis an mbang, nár tháinig fearg an Tiarna ar chomhthionól Iosrael go léir? Ní hé féin amháin a scriosadh de bharr a pheaca.’ ”
21 Ansin mar fhreagra ar chinn finí Iosrael dúirt na Reúbaenaigh, na Gádaigh agus leath-threibh Mhanaise:
22 “Dia na ndéithe, an Tiarna, Dia na ndéithe, is maith atá a fhios ag an Tiarna, agus bíodh a fhios ag Iosrael chomh maith: má rinneamar ceannairc nó feall in aghaidh an Tiarna, ná déanadh sé anacal orainn inniu;
23 nó má thógamar altóir chun casadh i leataobh agus gan an Tiarna a leanúint, agus íobairtí uileloiscthe agus abhlanna agus íobairtí comaoineach a ofráil uirthi, go ndéana an Tiarna féin é a agairt orainn!
24 Ach le fírinne, rinneamar é le heagla go ndéarfadh bhur gclannsa lá éigin lenár gclannna: ‘Cén bhaint atá agaibhse leis an Tiarna, Dia Iosrael?