Iósua 22:3-9 ABN

3 Níor thréig sibh bhur mbráithre le linn an fheachtais fhada seo, go dtí an lá seo féin, ach chomhlíon sibh go beacht orduithe an Tiarna, bhur nDia.

4 Tá suaimhneas tugtha ag an Tiarna, bhur nDia, do bhur mbráithre mar a gheall sé dóibh. Filligí dá bhrí sin agus ar ais abhaile libh mar a bhfuil bhur dtailte, na tailte a thug Maois, óglach an Tiarna, mar shealúchas daoibh lastall den Iordáin.

5 Féachaigí chuige le barr cúraim go gcomhlíonfaidh sibh na haitheanta agus an dlí a thug Maois, óglach an Tiarna, daoibh; bíodh grá agaibh don Tiarna, bhur nDia, leanaigí ar a chosáin i gcónaí, comhlíonaigí a aitheanta, bígí dílis dó agus déanaigí seirbhís dó ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán.”

6 Chuir Iósua a bheannacht orthu agus sheol uaidh iad agus d'imíodar leo abhaile.

7 Bhí tailte i mBáiseán tugtha ag Maois do leath-threibh Mhanaise; don leath eile thug Iósua tailte eile i measc a mbráithre ar bhruach thiar na Iordáine. Nuair a bhí Iósua á seoladh abhaile, chuir sé a bheannacht orthu

8 agus dúirt leo: “Tá sibh ag filleadh abhaile lena lán maoine, le mórchuid eallaigh, le hairgead agus ór, le cré-umha agus iarann agus le flúirse éidí. Déanaigí creach seo bhur naimhde a roinnt ar bhur mbráithre chomh maith.”

9 D'imigh na Reúbaenaigh, na Gádaigh, agus leaththreibh Mhanaise abhaile arís. D'fhág siad clann Iosrael i Sileo i dtír Chanán, agus d'fhill ar ais ar dhúiche Ghileád, na tailte a bhain leo, mar ar chuir siad fúthu de réir mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh ó bhéal Mhaois.