20 Má thréigeann sibh an Tiarna chun fónamh do dhéithe coimhthíocha, iompóidh seisean oraibh agus déanfaidh sé dochar daoibh agus díothóidh sé sibh tar éis a ndearna sé de mhaith daoibh.”
21 Dúirt an pobal le Iósua: “Ní hea! Is don Tiarna a dhéanfaimid fónamh.”
22 Dúirt Iósua leis an bpobal ansin: “Is finnéithe sibh in bhur n‑aghaidh féin go bhfuil an Tiarna tofa agaibh chun fónamh dó.” Agus dúirt siadsan: “Is finnéithe sinn.”
23 “Cuirigí uaibh más ea,” ar seisean, “na déithe coimhthíocha atá agaibh agus tugaigí bhur gcroí don Tiarna, Dia Iosrael.”
24 D'fhreagair an pobal Iósua: “Is don Tiarna ár nDia a dhéanfaimid fónamh, agus is dá ghuth siúd a bheimid umhal.”
25 Uime sin rinne Iósua conradh leis an bpobal an lá sin, agus leag sé síos reachtanna agus foraitheanta dóibh ag Seicim.
26 Agus scríobh Iósua na briathra sin i leabhar dhlí Dé. Agus thóg sé gallán mór agus chuir sé ina sheasamh ansin é faoin dair a bhí i sanctóir an Tiarna.