29 Tar éis na nithe sin d'éag Iósua mac Nún seirbhíseach an Tiarna nuair a bhí deich mbliana agus céad slán aige.
30 Rinneadar é a adhlacadh san oidhreacht a fuair sé i dTimneát Searach atá in ardáin Eafráim lastuaidh de Shliabh Gháis.
31 Rinne Iosrael fónamh don Tiarna i gcaitheamh shaol Iósua, agus shaol na seanóirí a mhair níos déanaí ná é, agus a raibh eolas acu ar na héachtaí go léir a rinne an Tiarna ar mhaithe le hIosrael.
32 Cnámha Iósaef a thug clann Iosrael aneas ón Éigipt leo, adhlacadh iad i Seicim, sa phaiste talún a cheannaigh Iacób ó chlann Hamór, athair Sheicim, ar chéad píosa airgid; rinne oidhreacht de chuid chlann Iósaef de.
33 Ansin d'éag Eileázár mac Árón agus adhlacadh é i nGibeá, cathair a mhic, Píneachás, cathair a tugadh dó in ardáin Eafráim.