6 Agus dúirt Iósua leis na sagairt: “Tógaigí in airde áirc an chonartha agus ar aghaidh libh roimh an bpobal.” Agus thógadar in airde áirc an chonartha agus ar aghaidh leo roimh an bpobal.
7 Dúirt an Tiarna le Iósua: “Inniu féin tosóidh mé ar thú a mhóradh i radharc Iosrael go léir d'fhonn go mbeadh a fhios acu go mbeidh mé faratsa faoi mar a bhíos fara Maois.
8 Agus tabhairse an t‑ordú seo do na sagairt a iompraíonn áirc an chonartha: ‘Nuair a shroichfidh sibh bruach uiscí na Iordáine stadaigí in bhur seasamh sa Iordáin féin.’ ”
9 Agus dúirt Iósua le clann Iosrael: “Druidigí i leith agus éistigí le briathra an Tiarna bhur nDia.”
10 Dúirt Iósua: “Leis seo a bheidh a fhios agaibh go bhfuil Dia beo in bhur measc, agus go dtiomáinfidh sé amach go cinnte na Canánaigh, na Hitigh, na Hivigh, na Pirizigh, na Giorgáisigh, na hAmóraigh, agus na Iabúsaigh.
11 Féach, tá áirc chonradh Thiarna an domhain ar fad, le gabháil thar Iordáin romhaibh amach.
12 Toghaigí dáréag fear gan mhoill, dá bhrí sin, as treibheanna Iosrael, fear as gach treibh.