10 Sheas na sagairt a bhí ag iompar na háirce i leaba na Iordáine nó go raibh gach ní curtha i gcrích dár aithin an Tiarna do Iósua a insint don phobal de réir gach ní dár ordaigh Maois do Iósua. Ghabh an pobal anonn faoi dheifir
11 agus nuair a bhí an pobal go léir dulta anonn, ghabh áirc an Tiarna anonn, agus na sagairt ag ceann an phobail.
12 Ghabh na Reúbaenaigh, na Gádaigh, agus leath-threibh Mhanaise anonn faoi airm roimh chlann Iosrael amach mar a d'ordaigh Maois dóibh.
13 Ghabh timpeall daichead míle fear díobh faoi airm chatha thar abhainn anonn chun cogaidh, roimh an Tiarna, i dtreo mhachairí Ireachó.
14 An lá úd rinne an Tiarna gaiscíoch de Iósua i súile Iosrael go léir; bhí eagla orthu roimhe faoi mar a bhí roimh Mhaois gach lá dá shaol.
15 Dúirt an Tiarna le Iósua:
16 “Ordaigh do na sagairt atá ag iompar áirc na Fianaise teacht aníos as an Iordáin.”