17 Thug Iósua an t‑ordú do na sagairt dá bhrí sin: “Tagaigí aníos as an Iordáin.”
18 Agus nuair a tháinig na sagairt a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna aníos as an Iordáin, a luaithe a leagadh boinn chosa na sagart ar an talamh tirim, d'fhill uiscí na Iordáine ar a leaba agus shníodar ar aghaidh mar a dhéanaidís riamh. 18b Tháinig an pobal aníos as an Iordáin ar an deichiú lá den chéad mhí agus shuíodar a gcampa ag Gilgeál lastoir de Ireachó.
19 Maidir leis an dá chloch déag a tógadh as an Iordáin, chuir Iósua ina seasamh iad i nGilgeál.
20 Ansin dúirt sé le clann Iosrael: “Nuair a chuirfidh bhur gclann ceist ar a n‑aithreacha sna laethanta le teacht: ‘Cén chiall atá leis na clocha seo?’
21 abraigí leo: ‘Gabh clann Iosrael thar an Iordáin seo cos tirim’;
22 mar thriomaigh an Tiarna bhur nDia uiscí na Iordáine romhaibh, nó go raibh sibh gafa thairsti, mar a rinne an Tiarna bhur nDia le Muir na nGiolcach a thriomaigh sé romhainn nó go rabhamar gafa thairsti,
23 i dtreo go mbeadh a fhios ag muintir an domhain uile a thréine atá lámh an Tiarna, agus go mbeadh urraim agaibh féin go deo don Tiarna bhur nDia.”