3 agus tabhair an t‑ordú seo dóibh: ‘Tógaigí dhá chloch déag ón áit seo, ó leaba na Iordáine, mar ar luigh cosa na sagart agus tugaigí anonn libh iad, agus fágaigí iad san áit ina gcuirfidh sibh fúibh anocht.’ ”
4 Ansin ghlaoigh Iósua ar an dáréag a roghnaigh sé as clann Iosrael, fear as gach treibh,
5 agus dúirt sé leo: “Ar aghaidh libh roimh áirc an Tiarna bhur nDia go lár na Iordáine, agus tógadh gach duine agaibh cloch ar a ghualainn, ag freagairt do líon treibheanna Iosrael,
6 chun cuimhneachán a dhéanamh air seo in bhur measc; nuair a chuirfidh bhur gclann ceist oraibh sna blianta le teacht: ‘Cad é an chiall atá agaibh leis na clocha seo?’
7 déarfaidh sibhse leo: ‘Dheighil uiscí na Iordáine ó chéile roimh áirc chonradh an Tiarna, agus nuair a ghabh sí thar Iordáin d'imigh uiscí na habhann ar ceal. Is cuimhneachán síoraí ag clann Iosrael air sin na clocha seo.’ ”
8 Rinne clann Iosrael mar a dúirt Iósua leo; thógadar dhá chloch déag as leaba na Iordáine ag freagairt do líon treibheanna Iosrael, mar a dúirt an Tiarna le Iósua; thugadar anonn chun an champa iad agus leagadar ansiúd iad.
9 Ansin chuir Iósua dhá chloch déag ina seasamh i leaba na Iordáine, mar ar luigh cosa na sagart a d'iompar an áirc; tá siad ansiúd go dtí an lá atá inniu ann.