Iósua 5:1-7 ABN

1 Nuair a chuala ríthe na nAmórach a bhí sa dúiche laistiar den Iordáin agus ríthe uile na gCanánach a bhí ar fheorainn na farraige gur thriomaigh an Tiarna uiscí na Iordáine do phobal Iosrael, nó go rabhadar gafa anonn, tháinig beaguchtach orthu agus níor fhan aon mhisneach a thuilleadh acu de bharr chlann Iosrael.

2 Um an dtaca sin dúirt an Tiarna le Iósua: “Déan sceana breochloiche agus déan clann Iosrael a thimpeallghearradh arís den dara huair.”

3 Rinne Iósua sceana breochloiche agus thimpeallghearr sé clann Iosrael ar Chnoc na bhForchraiceann.

4 Sé cúis gur thimpeallghearr Iósua iad ná seo: na fireannaigh go léir ar an bpobal a tháinig as an Éigipt amach a bhí in aois airm a iompar, fuaireadar bás san fhásach ar an tslí dóibh tríd tar éis teacht as an Éigipt amach.

5 An mhuintir go léir a tháinig amach do timpeallghearradh iad; ach an méid daoine a rugadh san fhásach ar a slí dóibh tríd tar éis teacht as an Éigipt, níor timpeallghearradh iadsan.

6 Mar bhí clann Iosrael ar guardal san fhásach ar feadh daichead bliain nó go raibh an pobal go léir tar éis bháis, na fir go léir is é sin, a tháinig as an Éigipt amach a bhí in aois airm a iompar, mar níor éisteadar le glór an Tiarna; thug an Tiarna mionn dóibhsean nach ligfeadh sé dóibh go deo radharc a fháil ar an tír a mhionnaigh an Tiarna dá n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibh, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.

7 Is iad a gclann dá bhrí sin, an mhuintir a thóg sé ina n‑áit, a thimpeallghearr Iósua; bhíodarsan gan timpeallghearradh mar nár timpeallghearradh iad ar an tslí.