12 As sin ar aghaidh, ón uair a d'itheadar cuid de thorthaí na tíre, níor thit an manna a thuilleadh; bhí clann Iosrael gan mhanna as sin amach, ach d'itheadar torthaí thír Chanán an bhliain sin.
13 Nuair a bhí Iósua i ngar do Ireachó, d'ardaigh sé a shúile, chonaic fear ina sheasamh ansiúd os a chomhair, agus claíomh nocht ina láimh aige. Shiúil Iósua ina threo agus dúirt leis: “An ar ár dtaobhna atá tú, nó ar thaobh ár naimhde?”
14 D'fhreagair sé: “É seo eile,” ar sé, “is mé captaen arm an Tiarna. Táim ag teacht anois...” Thit Iósua ar a bhéal agus ar a fhiacla chun talún agus d'adhar é agus dúirt leis: “Cad iad orduithe mo Thiarna dá shearbhónta?”
15 D'fhreagair captaen arm an Tiarna Iósua: “Bain do chuaráin de do chosa, óir is naofa é an ball ar a bhfuil tú i do sheasamh.” Agus rinne Iósua rud air.