1 Bhí Ireachó daingnithe le barr cúraim in aghaidh chlann Iosrael; níor ghabh aon duine amach, níor ghabh aon duine isteach.
2 Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: “Anois tá Ireachó agus a rí agus a ghaiscígh mhóra á dtabhairt ar láimh agam duit.
3 Téigí timpeall na cathrach, a laochra gaile, gabhaigí timpeall na cathrach aon uair amháin. Déan amhlaidh ar feadh sé lá.
4 Iompróidh mórsheisear sagart seacht dtrumpaí d'adharca reithe os comhair na háirce; ar an seachtú lá máirseálfaidh sibh timpeall na cathrach seacht n‑uaire agus séidfidh na sagairt na trumpaí.