20 Lig an pobal gáir astu agus séideadh na trumpaí. Nuair a chuala an pobal glór an trumpa, ligeadar gáir thréan chatha astu is thit na ballaí ar lár ar an bpointe boise. Thug an pobal faoin gcathair ar an toirt, gach duine ag sá roimhe, agus ghabhadar an chathair.
21 Scriosadar a raibh sa chathair ar fad le faobhar claímh - fir agus mná, óg agus aosta, fiú na daimh, na caoirigh agus na hasail.
22 Dúirt Iósua leis an mbeirt a rinne an tír a bhrath: “Isteach libh i dteach na striapaí agus tugaigí libh amach as an bhean agus gach a mbaineann léi mar a mhionnaigh sibh di.”
23 Chuaigh na fir óga a rinne an spiaireacht isteach agus thugadar amach Rácháb agus a hathair agus a máthair agus a deartháireacha agus gach duine a bhain léi; thugadar amach a fine go léir agus d'fhágadar iad slán folláin lasmuigh de champa Iosrael.
24 Chuireadar an chathair agus a raibh inti trí thine, seachas an t‑airgead agus an t‑ór agus na gréithe cré-umha agus iarainn. Chuireadar iadsan i gciste theach an Tiarna.
25 Ach Rácháb an striapach, agus líon tí a hathar, agus gach ar bhain léi, thug Iósua anacal anama dóibh agus tá cónaí uirthi in Iosrael go dtí an lá inniu féin, mar gur fholaigh sí na teachtairí a sheol an Tiarna chun Ireachó a bhrath.
26 Um an dtaca sin chuir Iósua faoi bhrí an mhionna seo iad:Go raibh mallacht ar an té a éireoidhagus a thógfaidh an chathair seo (Ireachó) arís;ar a chéadghin a luífidh a bonn,agus an mac is óige leis a iompróidh a geataí.