1 Ach sháraigh clann Iosrael an bang go héagórach. Ácán mac Chairmí mac Zaibdí mac Zearach de threibh Iúdá, leag sé lámh ar rud a tháinig faoin mbang, agus las fearg an Tiarna i gcoinne na nIosraelach.
2 Sheol Iósua buíon fear ó Ireachó go Háí (atá láimh le Béit Ávan) lastoir de Bhéitéil; dúirt sé leo: “Téigí suas agus déanaigí an tír a bhrath.” Ghabh na fir suas agus rinneadar Háí a bhrath.
3 D'fhilleadar ar Iósua agus dúradar leis: “Ná téadh an mhuintir ar fad suas, ach déanadh dhá mhíle nó trí ionsaí ar Háí. Ná cuir ualach an tsaothair sin ar an bpobal ar fad; ní mór díobh siúd ann.”
4 Ghabh timpeall trí mhíle den phobal suas dá bhrí sin, ach chuir muintir Háí an teitheadh orthu.
5 Mharaigh muintir Háí timpeall seisear déag ar fhichid díobh; ruaigeadar iad ó gheata na cathrach chomh fada le Seabáraím agus phleancadar iad agus iad ag dul le fána. Thit an lug ar an lag ar an bpobal agus theip ar fad ar a misneach.
6 Stoll Iósua a chuid éadaigh agus chaith é féin ar a bhéal agus ar a fhiacla os comhair áirc an Tiarna go tráthnóna; rinne seanóirí Iosrael mar an gcéanna agus chaitheadar uile luaithreach ar a gceann.