15 An té a ghabhfar, agus ní atá faoin mbang ina sheilbh aige, loisctear sa tine é, é féin agus a bhfuil aige, mar gur sháraigh sé conradh an Tiarna agus go ndearna sé rud náireach in Iosrael.’ ”
16 D'éirigh Iósua go moch ar maidin agus thug Iosrael leis treibh ar threibh agus thit an crann ar threibh Iúdá.
17 Thug sé leis finí Iúdá agus thit an crann ar fhine Zearach. Thug sé leis fine Zearach teaghlach ar theaghlach agus thit an crann ar theaghlach Zaibdí.
18 Ansin thug sé leis teaghlach Zaibdí, duine ar dhuine, agus thit an crann ar Ácán mac Chairmí mac Zaibdí mac Zearach.
19 Ansin dúirt Iósua le hÁcán: “Tabhair glóir don Tiarna, Dia Iosrael, a mhic, agus mol é; inis dom a bhfuil déanta agat agus ná ceil aon ní orm.”
20 Thug Ácán freagra ar Iósua: “Pheacaigh mé, pheacaigh sin, in aghaidh an Tiarna Dia Iosrael, agus seo mar rinne mé:
21 Nuair a chonaic mé, i measc na creiche, fallaing bhreá ó Shionár, agus dhá chéad seicil airgid, agus barra óir leathchéad seicil, chuir mé dúil iontu agus thóg mé iad. Tá siad i bhfolach, féach, faoin talamh istigh i mo bhoth; tá an t‑airgead in íochtar.”