22 Chuir Iósua teachtairí uaidh agus ritheadar seo chun na botha. Bhí an fhallaing i bhfolach sa bhoth agus an t‑airgead thíos fúithi.
23 Thógadar ón mboth iad agus thugadar i láthair Iósua agus seanóirí Iosrael iad, agus leagadar os comhair an Tiarna iad.
24 Ácán mac Zearach, an t‑airgead agus an fhallaing agus an barra óir, a mhic agus a iníonacha, a dhaimh, a asail, a chaoirigh, a bhoth agus a raibh aige - rug Iósua, agus clann Iosrael go léir ina theannta, iadsan go léir leis go Gleann an Mhí-Áidh (Ácór).
25 “Cad ina thaobh,” arsa Iósua, “gur thug tú mí-ádh sa mhullach orainn? Go dtuga an Tiarna mí-ádh sa mhullach ort féin inniu!” Agus ghabh Iosrael go léir air de chlocha; loisceadar le tine iad agus ghabhadar de chlocha orthu.
26 Thógadar carn mór cloch os a chionn, carn atá ann go dtí inniu féin. Ansin thug an Tiarna cúl le fraoch a fheirge. Uime sin tugadh Gleann an Mhí-Áidh ar an áit sin, agus sin é atá air go dtí inniu féin.