3 D'fhilleadar ar Iósua agus dúradar leis: “Ná téadh an mhuintir ar fad suas, ach déanadh dhá mhíle nó trí ionsaí ar Háí. Ná cuir ualach an tsaothair sin ar an bpobal ar fad; ní mór díobh siúd ann.”
4 Ghabh timpeall trí mhíle den phobal suas dá bhrí sin, ach chuir muintir Háí an teitheadh orthu.
5 Mharaigh muintir Háí timpeall seisear déag ar fhichid díobh; ruaigeadar iad ó gheata na cathrach chomh fada le Seabáraím agus phleancadar iad agus iad ag dul le fána. Thit an lug ar an lag ar an bpobal agus theip ar fad ar a misneach.
6 Stoll Iósua a chuid éadaigh agus chaith é féin ar a bhéal agus ar a fhiacla os comhair áirc an Tiarna go tráthnóna; rinne seanóirí Iosrael mar an gcéanna agus chaitheadar uile luaithreach ar a gceann.
7 “Uch, a Thiarna Dia,” arsa Iósua, “cad a ba áil leat an mhuintir seo a thabhairt thar Iordáin ar aon chor d'fhonn sinn a thabhairt ar láimh do na hAmóraigh le scrios? Nárbh fhearr dúinn bheith sásta agus cur fuinn lastall den Iordáin!
8 Cad tá le rá agam nuair atá a ndroim tugtha ag Iosrael lena naimhde?
9 Óir cluinfidh na Canánaigh agus na dúchasaigh uile ina thaobh; cuirfidh siad le chéile inár n‑aghaidh agus scriosfaidh siad ár n‑ainm de chlár na talún. Cad a dhéanfaidh tú ar son d'ainm mhóir?”