10 D'éirigh Iósua go moch ar maidin, chuir sé tionól ar an bpobal agus chuir sé féin agus seanóirí Iosrael chun siúil roimh an bpobal i gcoinne Háí.
11 Ghabh na fir chogaidh go léir ina theannta suas os comhair na cathrach agus shuíodar a gcampa lastuaidh de Háí agus gleann idir iad agus Háí.
12 Thug sé leis timpeall cúig mhíle fear agus chuir i luíochán iad idir Béitéil agus Háí, laistiar den chathair.
13 Sin mar a suíodh an slua - campa an phobail lastuaidh den chathair agus lucht an luíocháin laistiar di; chaith Iósua an oíche sin sa ghleann féin.
14 Nuair a chonaic rí Háí conas mar a bhí, bhrostaigh sé féin agus a mhuintir go léir, lucht na cathrach, amach go moch ar maidin chun clann Iosrael a ionsaí ar an bhfána i dtreo an Arabá. Ní raibh a fhios aige go rabhthas i luíochán air laistiar den chathair.
15 Lig Iósua agus clann Iosrael go léir orthu go rabhthas á gcloí acu agus theitheadar i dtreo an fhásaigh.
16 Glaodh ar a raibh sa chathair chun dul sa tóir orthu agus nuair a chuadar sa tóir ar Iósua d'fhágadar an chathair féin gan chosaint.