8 Nuair a bheidh an chathair gafa agaibh, cuirigí trí thine í de réir aithne an Tiarna. Féachaigí chuige go ndéanfaidh sibh mar a d'ordaigh mé daoibh.”
9 Sheol Iósua chun siúil iad dá bhrí sin, agus chuadar chun an láthair luíocháin idir Béitéil agus Háí, laistiar de Háí. Chaith Iósua an oíche sin i measc an phobail.
10 D'éirigh Iósua go moch ar maidin, chuir sé tionól ar an bpobal agus chuir sé féin agus seanóirí Iosrael chun siúil roimh an bpobal i gcoinne Háí.
11 Ghabh na fir chogaidh go léir ina theannta suas os comhair na cathrach agus shuíodar a gcampa lastuaidh de Háí agus gleann idir iad agus Háí.
12 Thug sé leis timpeall cúig mhíle fear agus chuir i luíochán iad idir Béitéil agus Háí, laistiar den chathair.
13 Sin mar a suíodh an slua - campa an phobail lastuaidh den chathair agus lucht an luíocháin laistiar di; chaith Iósua an oíche sin sa ghleann féin.
14 Nuair a chonaic rí Háí conas mar a bhí, bhrostaigh sé féin agus a mhuintir go léir, lucht na cathrach, amach go moch ar maidin chun clann Iosrael a ionsaí ar an bhfána i dtreo an Arabá. Ní raibh a fhios aige go rabhthas i luíochán air laistiar den chathair.