10 agus ar a ndearna sé leis an mbeirt rí Amórach a bhí lastall den Iordáin, Síochon rí Heisbeon agus Óg rí Bháiseán a bhí ag cur faoi in Aisteárót.
11 Dúirt ár seanóirí agus muintir ár dtíre go léir linn: ‘Tógaigí lón libh don aistear, agus téigí ina n‑airicis agus abraigí leo: “Seirbhísigh daoibh sinne: seo anois, déanaigí conradh linn.’ ”
12 Siúd é ár n‑arán. Bhí sé te fós nuair a thógamar linn ónár dtithe é mar lón bóthair an lá a chuireamar chun siúil chun teacht in bhur láthair; ach anois féach go bhfuil sé briosc agus snas air.
13 Bhí na seithí fíona seo nua nuair a líonamar iad; féach tá siad pléasctha; tá ar gcuid éadaigh agus ár gcuaráin caite tar éis an aistir chomh fada sin atá curtha dínn againn.”
14 Chaith na ceannairí an bia a rinneadar a thairiscint gan comhairle an Tiarna a lorg.
15 Rinne Iósua síocháin agus conradh leo ag dul i mbannaí lena n‑anam, agus dhaingnigh an pobal é sin faoi bhrí na mionn.
16 Trí lá tar éis an conradh a dhéanamh leo fuarthas amach gur comharsana iad agus go raibh cónaí orthu i measc chlann Iosrael.