3 Nuair a chuala muintir Ghibeón an íde a thug Iósua ar Ireachó agus ar Háí,
4 bheartaíodar dul i mbun cneamhaireachta. D'imíodar agus fuaireadar lón agus thugadar leo seanmhálaí ar a n‑asail agus seanseichí fíona a bhí pollta ach iad deisithe;
5 ar a gcosa bhí seanchuaráin chaite le cliatha iontu, agus an t‑éadach a bhí orthu bhí sé dreoite; an t‑arán go léir a bhí acu bhí sé briosc agus snas air.
6 Chuadar go Iósua sa champa i nGilgeál agus dúradar leis-sean agus le muintir Iosrael: “Thángamar ón gcoigríoch; déanaigí conradh linn más eá.”
7 Ach dúirt muintir Iosrael leis na Hivigh: “B'fhéidir go bhfuil cónaí oraibh inár measc. Conas mar sin a d'fhéadfaimís conradh a dhéanamh libh?”
8 “Seirbhísigh duitse sinn,” ar siad le Iósua. “Agus cé hé sibh féin?” arsa Iósua, “agus cad as daoibh?”
9 “Thángamar, do shearbhóntaí, ón imigéin,” ar siad, “de bharr clú an Tiarna do Dhia. Mar chualamar tuairisc air féin agus ar a ndearna sé san Éigipt;