10 Tar éis na díbeartha chun na hAsaíre tháinig mé i mo chime cogaidh go Nínivé. D'itheadh mo ghaolta agus mo chomhthírigh uile bia na bpágánach
11 ach thug mise togha an aireachais nach n‑íosfainn a leithéid de bhia.
12 Mar sin de, ó bhí mé dílis do mo Dhia ó m'anam go hiomlán
13 bhronn an Té is Airde pearsantacht chomh geanúil sin orm go raibh lé ag Salmanasar liom agus cheannaíonn dó cibé soláthairtí a bhíodh uaidh.
14 Fad a mhair sé, théinn go dtí an Mhéide ag ceannach earraí dó. Ina theannta san chuir mé málaí a raibh deich dtallann airgid iontu i dtaisce ag m'fhear gaoil Gabael, mac Ghaibrí, i Raigéis sa Mhéide.
15 Nuair a cailleadh Salmanasar tháinig a mhac Sanaichéiríb i gcoróin ina áit; ach d'imigh na bóithre chun na Méide óna smacht agus níorbh fheidir dom dul ann a thuilleadh.
16 In aimsir Shalamansar is iomaí gníomh carthanachta a rinne mé do mo chomhthírigh;