Tóibít 12 ABN

Tuarastal Rafael

1 Nuair a bhí an bhainis thart, ghlaoigh Tóibít a mhac, Tóibias, chuige agus dúirt sé leis. “Is mithid duit, a mhic, a thuarastal a thabhairt do do chomhthaistealaí; agus cuir breis bheag éigin leis.”

2 “Cé mhéad a íocfaidh mé leis, a athair?” arsa Tóibias. “Ní dhéanfadh sé aon dochar ar bith domsa leath dár rug sé ar ais mar aon liom a thabhairt dó.

3 Tá sé tar éis mé a threorú go slán sábháilte; leigheas sé mo bhean chéile; rug sé an t‑airgead ar ais mar aon liom; leigheas sé thusa chomh maith. Cé mhéad airgid sa bhreis a thabharfaidh mé dó?”

4 Dúirt Tóibít leis ansin: “Is ceart, a mhic, leath dár thug sé ar ais leis a thabhairt dó.”

5 Mar sin de, ghlaoigh Tóibias a chomhthaistealaí chuige agus dúirt: “Tóg leat mar thuarastal leath dár thug tú ar ais leat agus go dté tú slán.”

Aitheasc Rafael

6 Ansin thóg Rafael an bheirt acu i leataobh agus dúirt sé leo: “Molaigí Dia agus gabhaigí buíochas leis i láthair na mbeo go léir as ucht na maitheasaí a bhronn sé oraibh ionas go molfaidh agus go mórfaidh cách a ainm le dánta diaga. Fógraígí don uile dhuine na héachtaí atá déanta aige agus tugaigí ómós dó agus bígí ag gabháil buíochais leis gan leisce gan leimhe.

7 Is ceart, dar ndóigh, rún rí a choimeád faoi cheilt ach is ceart chomh maith éachtaí Dé a fhógairt agus a fhoilsiú. Mar sin de ghabhaigí buíochas leis mar is cóir. Déanaigí an mhaith agus ní thiocfaidh aon olc oraibh.

8 Urnaí agus troscadh le chéile, déirc agus dea-iompar le chéile, is fearr go mór iad sin ná saibhreas cam. Is fearr déirc a thabhairt ná ór a chnuasach.

9 Saorann an déirc an duine ón mbás agus glanann sé amach an uile pheaca.

10 Na daoine a dhéanann déirc gheobhaidh siad aois mhaith; ach na daoine a dhéanann an peaca agus an t‑éigeart déanann siad a n‑aimhleas féin.”

11 “Ach inseoidh mé an fhírinne iomlán daoibh anois; ní cheilfidh mé dada oraibh. Cheana féin dúirt mé libh go soiléir gur ceart rún rí a choimeád faoi cheilt ach gur ceart leis éachtaí Dé a fhoilsiú mar ba chóir.

12 Más ea, nuair a bhí tusa agus Sárá ag guí is mise a d'ofráil bhur n‑urnaithe suas mar chuimhneachán i láthair ghlóir an Tiarna agus a léigh iad; agus ba é an scéal céanna é nuair a bhítheá ag adhlacadh na marbh.

13 Ós rud é nár leasc leat éirí agus imeacht ón mbord chun fear marbh a adhlacadh,

14 cuireadh chugat mé chun tú a thástáil agus ag an am céanna chuir Dia uaidh mé chun thú féin agus Sárá, bean chéile do mhic, a leigheas.

15 Is mise Rafael, ceann den seachtar aingeal atá ina lucht freastail ar Dhia na glóire agus a théann isteach ina láthair.”

16 Tháinig uafás ar an mbeirt acu ansin agus thit siad ar a mbéal fúthu le haonchorp eagla

17 ach dúirt Rafael leo: “Ná bíodh eagla oraibh; ní baol daoibh; bígí ag moladh Dé go deo.

18 Nuair a bhí mé in bhur gcuideachta ní de thoradh mo dhea-mhéine féin amháin a bhí mé ann ach toisc gurbh áil le Dia é. Dá bhrí sin bígí ag moladh Dé ó lá go lá agus ag canadh iomann dó.

19 Bíodh a fhios agaibh nár ith mé greim bia in bhur gcuideachta; is amhlaidh a bhí fís á fheiceáil agaibh.

20 Molaigí an Tiarna anois ar talamh agus leanaigí libh ag gabháil buíochais leis. Táimse féin ar tí dul suas go dtí an té a chuir uaidh mé. Scríobh cuntas ar na heachtraí go léir a tharla daoibh.” D'imigh sé suas uathu ansin.

21 Nuair a d'éirigh siad ina seasamh, níorbh fhéidir dóibh é a fheiceáil níos mó.

22 Ansin thosaigh siad ag moladh Dé agus ag canadh iomann dó agus ag gabháil buíochais leis i dtaobh na sáréachtaí sin a rinne sé nuair a thaispeáin a aingeal é féin dóibh.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14