1 Ansin thug Tóibias an freagra seo ar a athair, Tóibít: “Gach ní a d'ordaigh tú dom, a athair, déanfaidh mé é.
2 Ach conas a fhéadfaidh mé an t‑airgead a fháil uaidh agus gan aithne againn ar a chéile? Cén comhartha a thaispeánfaidh mé dó i dtreo go n‑aithneoidh sé mé agus go gcreidfidh sé mé agus go dtabharfaidh sé an t‑airgead dom; rud eile, ní eol dom ach oiread na bóithre a thabharfaidh chun na Méide mé.”
3 Mar fhreagra air sin dúirt Tóibít lena mhac, Tóibias: “Is amhlaidh a chuireamar araon ár n‑ainmneacha le hadmháil fiacha. Rinne mise dhá leath de ansin i dtreo go mbeadh leath amháin an duine againn. Choinnigh mise mo leath féin agus fágadh an leath eile leis an airgead. Agus féach, tá sé fiche bliain anois ó d'fhág mé an t‑airgead sin i dtaisce aige. Anois, a mhic, faigh duine éigin iontaofa le dul in éineacht leat agus tabharfaimid luach a shaothair dó nuair a fhillfidh tú. Imigh leat mar sin agus faigh an t‑airgead ó Ghabael.”
4 D'imigh Tóibias amach ar lorg duine éigin a rachadh chun na Méide in éineacht leis agus a raibh eolas na slí aige. Chomh luath agus a tháinig sé amach fuair sé an t‑aingeal Rafael os a chomhair. Ní raibh a fhios aige, áfach, gurbh aingeal Dé é
5 agus dúirt sé leis: “Cér díobh thú, a ógánaigh?” “Iosraelach is ea mé,” ar seisean leis, “duine de do lucht gaoil féin; is amhlaidh a tháinig mé anseo ag lorg oibre.” “An eol duit an tslí chun na Méide?” d'fhiafraigh Tóibias de.
6 “Is eol dom go deimhin,” ar seisean, “bhí mé ann go minic cheana; tá seanaithne agam ar an áit agus is eol dom na bealaí go léir chuige. Is minic a thaistil mé chun na Méide agus chuirinn fúm i dteach ár bhfir ghaoil, Gabael, fear atá ina chónaí i Raigéis na Méide. Tá Raigéis aistear dhá lá iomlána ó Eacbatana (agus tá sé suite sna sléibhte).”
7 Dúirt Tóibias leis ansin: “Fan liom anseo, a ógánaigh, nó go rachaidh mé isteach chun é seo a insint do m'athair; mar tá tú ag teastáil uaim chun dul in éineacht liom agus, dar ndóigh, tabharfaidh mé luach saothair duit.”
8 “Tá go maith,” d'fhreagair Rafael, “fanfaidh mé leat ach na déan moill.”
9 Chuaigh Tóibias isteach ansin agus d'inis sé an scéal go léir dá athair, á rá: “Táim tar éis Iosraelach a fháil chun dul liom; duine dar lucht gaoil féin is ea é.” “Glaoigh isteach chugam é, a mhic,” arsa a athair leis, “is mian liom a fháil amach cad iad an chlann agus an treibh ar díobh é agus an bhfuil sé iontaofa go leor chun dul leat.” D'imigh Tóibias amach arís ansin agus ghlaoigh sé an fear chuige, á rá: “Is mian le m'athair labhairt leat, a ógánaigh.”
10 Chuaigh Rafael isteach chuige agus bheannaigh Tóibít dó ar dtús. Dúirt Rafael leis, á fhreagairt: “Go maire tú i bhfad faoi lúcháir.” “Cén t‑ábhar lúcháire atá agamsa,” arsa Tóibít leis ansin. “Tá radharc mo shúl caillte agam; ní féidir dom solas na gréine a fheiceáil; is amhlaidh a chaithim mo shaol sa dorchadas ar nós na marbh nach bhfeiceann an solas níos mó. Cé go bhfuil mé beo is i measc na marbh a bhím; cloisim guthanna daoine ach ní fheicim iad.” Dúirt Rafael leis ansin: “Bíodh misneach agat! Tá sé beartaithe ag Dia tú a leigheas tar éis tamaillín eile; bíodh misneach agat!” “Is mian le mo mhac, Tóibias, dul chun na Méide,” arsa Tóibít leis ansin. “An bhféadfá dul in éineacht leis chun é a threorú? Dar ndóigh; a bhráthair, tabharfaidh mé luach saothair duit.” D'fhreagair Rafael é mar a leanas: “Is féidir dom dul leis; is eol dom na bealaí go léir chun na Méide agus is minic a chuaigh mé ann agus a thaistil mé a mánna agus a sléibhte uile. Ní ionadh mar sin gurb eol dom a bealaí go léir.”
11 D'fhiafraigh Tóibít de ansin: “Cad iad an chlann agus an treibh ar díobh thú? Ar mhiste leat é sin a insint dom, a bhráthair?”
12 D'fhreagair Rafael é, á rá: “Cad is gá fios mo threibhe a bheith agat?” “Is mian liom, a bhráthair,” arsa Tóibít, “eolas cruinn a fháil ar d'athair agus ar d'ainm féin.”
13 “Is mé Azairias, mac an Anainias is sine, duine de do lucht gaoil féin,” arsa Rafael.
14 Dúirt Tóibít leis ansin: “Céad míle fáilte romhat, a bhráthair! Ná bí crosta liom, a bhráthair, toisc gur mhian liom an fhírinne a fháil i dtaobh do mhuintire. Ach is amhlaidh atá gaol agatsa linn agus is de shliocht uasal macánta thú. Bhí aithne agam ar Anainias agus ar Nátán, beirt mhac an tSeimilias is sine. Théidís go Iarúsailéim in éineacht liom agus d'adhraimis Dia le chéile ann. Ní dheachaigh siad ar fán ó Dhia riamh. Daoine macánta is ea do mhuintir agus is de dhea-bhunadh thú. Is é do bheatha chugainn.”
15 Lean sé air ansin, á rá: “Tabharfaidh mé drachma in aghaidh an lae duit mar luach saothair agus an liúntas cothaithe céanna agus a bheidh ag mo mhac. Is ea, má thaistealaíonn tú le mo mhac,
16 cá bhfios nach méadóidh mé an luach saothair duit.” “Rachaidh mé leis,” arsa Rafael. “Ná bíodh aon eagla ort. Rachaimid ann agus fillfimid ar ais chugat go slán sábháilte mar ní baol dúinn na bóithre.”
17 “Go soirbhí Dia duit, a bhráthair!” arsa Tóibít. Ansin ghlaoigh sé a mhac chuige agus dúirt: “Ullmhaigh a mbeidh uait ar an turas, a mhic, agus imigh leat in éineacht le d'fhear gaoil seo. Go gcumhdaí Dia na bhflaitheas sibh ar an mbóthar agus go seola sé ar ais chugam sibh go slán folláin agus go dtionlaca a aingeal naofa sibh, a mhic, ionas go mbeidh sibh saor ó gach baol.”Roimh dó cur chun bóthair phóg Tóibias a athair agus a mháthair agus dúirt a athair leis: “Go n‑éirí do bhóthar leat.” Ach thosaigh a mháthair ag gol agus dúirt sí le Tóibít: “Cad chuige a bhfuil mo leanbh á chur chun siúil agat uainn? Nach é ár gcrann seasta é fad a mhaireann sé inár gcuideachta?
18 An ea nach bhfuil spéis agat in aon ní ach san airgead? Nach bhfuil ach dríodar ann i gcóimheas lenár mac?
19 An tslí bheatha atá tugtha dúinn ag an Tiarna, nach leor sin dúinn?”
20 “Caith na smaointe sin as do cheann, a shiúr,” arsa Tóibít léi. “Rachaidh ár mac ann agus fillfidh sé ar ais chugainn go slán sábháilte agus feicfidh do shúile cinn é an lá a thiocfaidh sé ar ais chugat i mbarr a shláinte.
21 Ná bíodh imní ná eagla dá laghad ort mar gheall orthu a shiúr. 1 Óir rachaidh aingeal maith in éieacht leis agus cuirfidh Dia rath ar a thuras agus fillfidh sé slán abhaile.”