1 Stad sí den ghol ansin.
2 D'fhág an buachaill agus an t‑aingeal an teach le chéile agus tháinig an gadhar amach leo agus chuaigh sé ina dteannta. Shiúil an bheirt ar aghaidh nó gur thit an oíche orthu. Rinne siad campa ansin ar bhruach na Tígrise.
3 Nuair a chuaigh an buachaill síos chun a chosa a ní san abhainn, léim iasc mór aníos as an uisce agus d'fhéach sé le cos an ógánaigh a shlogadh. Lig seisean scread as le neart uafáis
4 ach dúirt an t‑aingeal leis: “Beir ar an iasc agus ná lig dó éalú!” Rug an t‑ógánach greim daingean air agus tharraing sé aníos ar an mbruach é.
5 “Scoilt é,” arsa an t‑aingeal leis, “agus gearr an domlas agus an croí agus an t‑ae amach as. Cuir iadsan i leataobh duit féin ach caith uait na hinní; mar is amhlaidh atá leigheas sa domlas agus sa chroí agus san ae.”
6 Mar sin de, tar éis dó an t‑iasc a scoilteadh, chuir Tóibias an domlas agus an croí agus an t‑ae i leataobh le chéile. Ansin rinne sé cuid den iasc a ghríoscadh agus a ithe; shaill sé an chuid eile de agus choimeád sé é don turas. Lean siad leo ar aghaidh ansin le chéile nó gur tháinig siad cóngarach don Mhéide.
7 Ansin chuir an t‑ógánach an cheist seo ar an aingeal: “A Azairias, a bhráthair liom, cad é an leigheas atá sa domlas agus sa chroí agus san ae?”
8 Dúirt an t‑aingeal leis, á fhreagairt: “Má dhónn tú croí agus ae an éisc i láthair duine atá á chiapadh ag deamhan nó ag drochspiorad éigin cuirfidh an deatach deireadh leis an ngéarleanúint seo agus ní fhanfaidh deamhan nó drochspiorad ar na cóngair níos mó.
9 Maidir leis an domlas, áfach, má chuimlíonn tú é do shúile a bhfuil spotaí bána orthu ní bheidh le déanamh agat ach séideadh isteach iontu ar na spotaí bána chun iad a leigheas.”
10 Nuair a chuaigh siad isteach sa Mhéide agus go raibh siad ag druidim le hEacbatana,
11 dúirt Rafael leis an mbuachaill: “A Thóibias, a bhráthair liom.” “Is ea,” ar seisean. Dúirt an t‑aingeal leis ansin: “Caithimid cur fúinn anocht i dteach Raguéil. Gaol leatsa is ea an fear seo agus tá iníon aige darb ainm Sárá.
12 Níl aon mhac nó iníon eile aige ach í. Ós tusa is gaire gaol di, is agatsa thar aon fhear eile atá sé de cheart í a phósadh agus maoin a hathar a fháil mar oidhreacht. Is cailín stuama misniúil fíorálainn í agus tá grá as cuimse ag a hathair di.”
13 Ansin lean sé air, á rá: “Ós rud é go bhfuil sé de cheart agat í a phosadh, a bhráthair, éist liom. Labhróidh mé anocht féin i dtaobh an chailín lena hathair d'fhonn go bhfaighidh mé duit í mar bhrídeach agus beidh an pósadh againn nuair a fhillfimid ó Raigéis. Is eol dom nach féidir le Raguéil í a choimeád uait nó cleamhnas a dhéanamh idir í agus fear éigin eile. Cion báis ba ea é sin de réir an reachta atá leagtha síos i leabhar Mhaois; óir tá a fhios aige go bhfuil sé de cheart agatsa thar aon fhear eile í a phósadh. Éist liom anois, a bhráthair, mar sin. Labhróimid anocht féin leis i dtaobh an chailín agus déanfaimid cleamhnas idir í agus tusa. Nuair a fhillfimid ó Raigéis, tabharfaimid ar ais linn í chun do thí féin.”
14 Ansin dúirt Tóibias leis, á fhreagairt: “A Azairias, a bhráthair liom, chuala gur pósadh í le seachtar fear cheana féin agus gur thit gach fear díobh marbh sa seomra pósta. Is amhlaidh a d'fhaighidís bás an chéad oíche a théidís isteach chuici. Chuala mé daoine á rá gur dheamhan a mharaigh iad.
15 Mar sin de tá eagla orm; óir ní dhéanann an deamhan aon dochar dise toisc grá a bheith aige di ach maraíonn sé gach fear ar mian leis dul ina haice. Anois níl aon duine clainne ag m'athair ach mé, agus dá bhfaighinnse bás thabharfainn m'athair agus mo mháthair síos san uaigh le neart dobróin i mo dhiaidh, agus gan aon mhac eile acu chun iad a adhlacadh.”
16 “Nach cuimhin leat orduithe d'athar,” arsa Rafael leis. “D'ordaigh sé duit bean chéile a thoghadh as a mhuintir féin. Éist liom anois, a bhráthair. Ná bíodh aon imní ort mar gheall ar an deamhan ach déan Sárá a phósadh. Tá mé cinnte de go dtabharfar duit mar bhean chéile í anocht féin.
17 Nuair a rachaidh tú isteach sa seomra pósta, tóg cuid d'ae an éisc agus a chroí agus cuir ar ghríosach na túise iad.
18 Chomh luath agus a gheobhaidh an deamhan an boladh a thabharfaidh siad uathu teithfidh sé agus ní fheicfear ina haice é feasta. Ansin roimh duit comhriachtain a dhéanamh léi éirígí beirt ar dtús agus guígí le chéile ansin agus impígí ar Thiarna na bhflaitheas trócaire a dhéanamh oraibh agus sibh a shlánú. Ná bíodh eagla ar bith ort mar is duitse a ceapadh í roimh chruthú an domhain. Fuasclóidh tú í agus rachaidh sí leat. Is é mo bharúil go mbeidh clann aici leat, a dhéanfaidh ionad deartháireacha duit. Dá bhrí sin ná bíodh aon imní ar bith ort.”
19 Nuair a chuala Tóibias focail Rafael agus go raibh gaol ag Sárá leis féin toisc í a bheith de shliocht mhuintir a athar thit sé i ngrá léi go mór agus bhí a chroí casta istigh inti.