8 Thugainn é do na dílleachtaí agus do na baintreacha agus do na hiompaithigh a chónaíodh i measc na nIosraelach; is amhlaidh a bheirinn liom é gach tríú bliain chun é a roinnt orthu. Bhíodh cóisir againn ansin de réir an reachta atá leagtha amach i ndlí Mhaois agus de réir na n‑aitheanta a thug Deabórá, máthair ár seanathar Hanainiéil, dúinn; óir cailleadh m'athair agus fágadh i mo dhílleachta mé.
9 Nuair a tháinig mé in aois fir, phós mé bean dár gcine féin darbh ainm Anna; rug sí mac dom agus thug mé Tóibias mar ainm air.
10 Tar éis na díbeartha chun na hAsaíre tháinig mé i mo chime cogaidh go Nínivé. D'itheadh mo ghaolta agus mo chomhthírigh uile bia na bpágánach
11 ach thug mise togha an aireachais nach n‑íosfainn a leithéid de bhia.
12 Mar sin de, ó bhí mé dílis do mo Dhia ó m'anam go hiomlán
13 bhronn an Té is Airde pearsantacht chomh geanúil sin orm go raibh lé ag Salmanasar liom agus cheannaíonn dó cibé soláthairtí a bhíodh uaidh.
14 Fad a mhair sé, théinn go dtí an Mhéide ag ceannach earraí dó. Ina theannta san chuir mé málaí a raibh deich dtallann airgid iontu i dtaisce ag m'fhear gaoil Gabael, mac Ghaibrí, i Raigéis sa Mhéide.