Tóibít 10:11-14 ABN

11 Nuair a bhí sé ag cur slán leo abhaile rug sé barróg ar Thóibias agus dúirt sé leis: “Slán leat, a mhic; go n‑éirí an bóthar leat. Go gcuire Tiarna na bhflaitheas rath ort féin agus ar do bhean chéile, Sárá, agus go bhfeice mé bhur gclann sula bhfaighidh mé bás.”

12 Ansin dúirt sé lena iníon, Sárá: “Imigh leat go dtí teach d'athar chéile; óir as seo amach is iad do thuismitheoirí féin iad an oiread céanna agus na daoine a ghin thú. Imigh faoi shíocháin, a iníon ó; fad a mhairfidh mé nár chloise mé fút ach an dea-scéal.” Faoi dheireadh chuir sé faoi choimirce Dé iad agus scaoil sé uaidh iad.

13 Dúirt Eadna ansin le Tóibias: “A leanbh liom agus a chol cheathrar dhílis, go dtuga an Tiarna slán abhaile thú agus go maire mé féin fada go leor chun clann a fheiceáil agatsa agus ag m'iníon, Sárá, le mo shúile cinn; i bhfianaise an Tiarna cuirim m'iníon faoi do chúram; ná cuirse aon bhuaireamh uirthi ar feadh do shaoil; imigh leat faoi shíocháin, a mhic; as seo amach is mise do mháthair agus is í Sárá do bhean chéile mhuirneach. Go raibh rath orainn go léir an dá lá dhéag agus an fad a mhairfimid.” Phóg sí an bheirt acu ansin agus chuir sí slán abhaile leo.

14 Nuair a scar Tóibias le Raguéil bhí sé an-sásta leis féin agus lán d'áthas agus fíorbhuíoch de Thiarna na bhflaitheas agus an domhain, Rí na nUile, toisc go raibh sé tar éis rath a chur ar a thuras. Faoi dheireadh thiar d'fhág sé slán ag Raguéil agus ag a bhean chéile, Eadna, á rá: “Go dtuga Dia dom onóir a thabhairt daoibh fad a mhairfidh mé.”