9 Ansin rith Anna chun tosaigh agus chaith sí í féin ar bhráid a mic agus dúirt sí leis: “Ní miste liom bás a fháil anois, a mhic, mar táim tar éis tú a fheiceáil arís.” Agus rinne sí gol.
10 D'éirigh Tóibít ina sheasamh ansin agus tháinig sé doras an chlóis amach agus é ag tarraingt na gcos ina dhiaidh.
11 Shiúil Tóibias suas chuige agus domlas an éisc ina láimh aige. Shéid sé isteach ina shúile; rug greim air agus dúirt: “Múscail do mhisneach, a athair!”
12 Ansin chuir sé an t‑ungadh air agus chuimil sé isteach é agus ag tosú dó ag cúinní a shúl bhain sé an screamh bhán díobh lena dhá láimh.
13 Chaith a athair é féin ar a bhráid
14 agus rinne sé gol agus dúirt: “Feicim thú, a mhic, a sholas mo shúl!” Lean sé air:“Moladh go deo le Dia!Moladh lena ainm mór!Moladh lena aingil naofa go léir!Go gcumhdaí a ainm mór sinnagus go moltar a chuid aingeal go léirgo brách agus choíche.
15 Óir bíodh is gur thug sé sciúrsáil dom,feicim mo mhac, Tóibias, anois.”Chuaigh Tóibias isteach ansin agus é lán d'áthas agus ag moladh Dé in ard a ghutha. D'inis sé dá athair gur éirígh thar barr lena thuras; go raibh sé tar éis an t‑airgead a fháil agus Sárá, iníon Raguéil, a phósadh agus nárbh fhada go dtiocfadh sise i láthair mar go raibh sí an-ghairid do gheata Nínivé cheana féin.