1 Nuair a bhí an bhainis thart, ghlaoigh Tóibít a mhac, Tóibias, chuige agus dúirt sé leis. “Is mithid duit, a mhic, a thuarastal a thabhairt do do chomhthaistealaí; agus cuir breis bheag éigin leis.”
2 “Cé mhéad a íocfaidh mé leis, a athair?” arsa Tóibias. “Ní dhéanfadh sé aon dochar ar bith domsa leath dár rug sé ar ais mar aon liom a thabhairt dó.
3 Tá sé tar éis mé a threorú go slán sábháilte; leigheas sé mo bhean chéile; rug sé an t‑airgead ar ais mar aon liom; leigheas sé thusa chomh maith. Cé mhéad airgid sa bhreis a thabharfaidh mé dó?”
4 Dúirt Tóibít leis ansin: “Is ceart, a mhic, leath dár thug sé ar ais leis a thabhairt dó.”
5 Mar sin de, ghlaoigh Tóibias a chomhthaistealaí chuige agus dúirt: “Tóg leat mar thuarastal leath dár thug tú ar ais leat agus go dté tú slán.”
6 Ansin thóg Rafael an bheirt acu i leataobh agus dúirt sé leo: “Molaigí Dia agus gabhaigí buíochas leis i láthair na mbeo go léir as ucht na maitheasaí a bhronn sé oraibh ionas go molfaidh agus go mórfaidh cách a ainm le dánta diaga. Fógraígí don uile dhuine na héachtaí atá déanta aige agus tugaigí ómós dó agus bígí ag gabháil buíochais leis gan leisce gan leimhe.