15 Molann m'anamsa an Tiarna, an Rí mór,mar atógfar cathair Iarúsailéim mar áitreabh dó go brách.
16 Nárbh aoibhinn dom dá dtarlódh sé d'fhuíoll mo shleachta,do ghlóir a fheiceáil agus buíochas a ghabháil do Rí na bhFlaitheas.Déanfar geataí Iarúsailéim de shaifír agus de smaragaid,agus do bhallaí uile de chlocha lómhara.Is d'ór a thógfar túir Iarúsailéimagus d'ór glan a cuid forbhallaí.
17 Pábhálfar sráideanna Iarúsailéimle rúibíní agus le clocha bua ó Óifír.
18 Canfaidh geataí Iarúsailéim amhráin áthais,agus déarfaidh a tithe go léir:Alleluia! Moladh go deo le Dia Iosrael!Ós eisean a chuir rath agus bláth orthu,molfaidh siad a ainm naofa go brach agus choíche.