Tóibít 13:6-12 ABN

6 Nuair a iompóidh sibh chuigele bhur gcroí agus le bhur n‑anam go hiomlánchun sibh féin a iompar go hionraic ina láthair,iompóidh seisean chugaibhse ansin,agus ní cheilfidh sé a ghnúis oraibh níos mó.Cuimhnigí anois ar a ndearna sé ar bhur son,agus gabhaigí buíochas leis in ard bhur ngutha.Molaigí Tiarna na Fíréantachtaagus móraigí Rí na Síoraíochta.Gabhaimse féin buíochas leis i dtír mo dheoraíochta,agus léirím a neart agus a mhórgacht do chine peacúil.Iompaigí ar ais chuige, a pheacacha,chun an fhíréantacht a chleachtadh ina láthair.Cá bhfios daoibh nach mbeidh gnaoi aige oraibh,agus nach nglacfaidh sé trua daoibh?

7 Mórfaidh mise mo Dhia,agus déanfaidh mo spiorad gairdeas i Rí na bhFlaitheas.

8 Fógraíodh gach duine a mhórgacht,agus tugtar buíochas dó in Iarúsailéim.

9 Sciúrsálfaidh sé thú, a Iarúsailéim, a chathair naofa,mar gheall ar dhrochghníomhartha d'áitritheoirí;ach déanfaidh sé trócaire athuairar shliocht na bhfíréan.

10 Gabhaigí buíochas leis an Tiarna go cuí,agus molaigí an Rí Síoraí,le go n‑atógfaí do shanctóir duit go háthasach.Go gcuire Dia gliondar ar na deoraithe go léir ionat;go raibh grá aige do lucht an dobróin ionat,agus do na glúine uile atá le teacht.

11 Soilseoidh solas geal uaitgo críocha uile na cruinne;tiocfaidh mórán náisiún chugat ó thíortha i gcéin,ó imill uile an domhain chun cónaí i do láthair naofa,agus bronntanais ina lámha acu do Rí na bhFlaitheas.Ligfidh glúine gan áireamh gártha áthais ionat,agus mairfidh ainm na cathrach tofa go brách.

12 Is mallaithe iad siúd go léir,a thugann masla cainte duit;is mallaithe iad siúd go léir, a dhéanann léirscrios ort,agus a leagann do bhallaí ar lár,agus a scartálann do thúir,agus a chuireann do thithe trí thine;ach is beannaithe go brách iad siúd go léir,a thugann ómós duit.